Bhí an-oíche go deo againn ag ceiliúradh ‘Seachtain na Gaeilge’ in Ionad Spóirt na Ríochta, Dé Máirt seo caite. Tháinig slua mór idir óg agus aosta le chéile agus an seomra lán go doras. Thosnaigh an oíche le muintir Uí Shé agus Bríd ag canadh an t-amhrán bríomhar sin ‘An Ghaeilge Abú’ agus ina dhiaidh sin ‘Beidh aonach amárach i gContae an Chláir ’agus ansin ‘Cailín na Gaillimhe’. Chabhraigh sé go mór go raibh focail na n-amhrán i bhfoirm leabhair agus míníodh an stair agus an scéal taobh thiar de gach amhrán dúinn.
A very enjoyable night was held celebrating ‘Seachtain na Gaeilge’,. in the Ríocht sports centre, a good crowd gathered between young and old. The night started with Bríd and Mícheal O’Shea singing the lively song ‘An Ghaeilge Abú’ followed by ‘Beidh aonach amárach i gContae an Chláir’ and the Irish version of ‘The Galway Girl’ (Cailín na Gaillimhe) It was very helpful to have the words of the songs in booklet form and the history behind every song explained.
Bhí Christy Cronin ó Ghníomh go Leith i láthair agus dúirt sé an t-amhrán álainn sin ‘An áit úd Claodach ina’ rugadh mé’, thaitin sé go mór leis an lucht éisteachta agus bhí air é a rá arís níos déanaí san oíche. Tá dlúth baint ag an gceantar máguaird timpeall Oileán Chiarraí leis an amhrán ‘An Spailpín Fánach’ agus chuir Ciarán Ó Céileachair beocht agus fuinneamh isteach ann agus é á chanadh. Bhí an aisling álainn sin ‘Ar Éirinn ní ‘neosfainn cé hi’ ag Máire Uí Dháiligh agus ‘Seán Ó Duibhir a’Ghleanna’ ag Aine Uí Chofaigh agus Diarmaid Ó Drisceóil.
I gcaitheamh na hoíche bhí diospóireacht oscailte spreagúil i dtaobh todchaí na Gaeilge agus na slite difriúla a chuideoidh le dul chun cinn ár dteanga náisiúnta. Cuireadh deireadh leis an oíche le ‘Amhrán na bhFiann’.
A lively discussion took place on the future of the Irish language and the different ways to help in the advancement of our native tongue. The evening concluded with ‘Amhrán na bhFiann’