Spraoi ag labhairt Gaeilge

The Irish language group ‘Cúpla focal agus cupán tae’ will meet every Tuesday night, at An Ríocht AC starting on Tuesday night 23-09-2014.  It is a social occasion, with people in small groups discussing various topics. Around 8.30 we have a cupán tae.

The rules are very simple, we finish at 9o’clock, no pressure on anybody to talk and no corrections.

Gan dabht, táimid bródúil as ár dteanga féin, teanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh, teanga a bhfuil ag éirí níos tábhachtaí in aghaidh an lae agus teanga a bhfuil le cloisteáil níos minice ná riamh. Tá ag éirí go hiontach le Raidió na Gaeltachta agus le TG4 agus don fhoghlaimeoir tá áiseanna nua-aimsearatha ann. Tá borradh tagtha faoi ocáidí agus foghlaim na Gaeilge ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain mhóir.

Ní aon eisceacht i  nGleann na Mainge, tagann an grúpa ‘Cúpla focal agus Cupán tae’ le chéile gach oíche Dé Máirt in Ionad Spóirt na Ríochta in Oileán Chiarraí idir

7.30 go 9.00 i.n, ag tosú Dé Máirt seo chugainn(23/09/14 Ocáid shóisialta a bhíonn ann, atmaisféar an-pleisiúrtha agus is féidir gach duine sásamh ar leith a bhaint as an tréimse uaire go leith a gcaitheann siad ann. Bíonn toipicí an-suimiúil   á bplé ann,  mar shampla an tseachtain seo phléamar na ceisteanna tráthúla seo :

An fiú seasamh i scuaine chun iPhone nua a cheannach? An bhfuil an cúlú eacnamíochta thart go foill, an doigh leat?

Tá sé sochraithe go mbíonn daoine i mbeirtheanna agus ní bhíonn aon bhrú ar éinne a bheag nó a mhór labhairt.

Timpeall  leath uair tar éis a hocht bíonn cupán tae nó chaife ar fáil agus deirtear go dtagann daoine le haghaidh na bpióg blasta agus na soláistí deasa amháin!! Deis iontach atá ann chun Gaeilge á foghlaim in atmaisféar pléisiúrtha, lán de spraoi, ghreann agus spórt. Mar a deireann an seanfhocal “Ní hualach do dhuine an fhoghlaim”.