Tá Féile na Cúlach Anseo go Deo – Is Dócha !

Dánscoil Shliabh Luachra i seisiún iomlánach ag an Pop-up Gaeltacht ag Féila na Cúlac dé Sathairn seo chaite. Griangraf: Seán Ó Riada

Bhí Féile na Cúlach ar siúl an Satharn seo chaite i bPáirc na Cúlach, Cúil Ó Socht. Buíochas le Dia níor chuir an aimsir isteach orainn mar bhí sár taispeántas do scileanna peile is camógaíochta ar fháil don lucht féachana agus gach rud tríd mheán na Gaeilge.

Le Micheál Ó Ciardubháin

Ba chóir go mbeadh tuismitheoirí, múinteoirí agus muintir na háite an bhródúil go deo as buachaillí agus cailíní na Cúlach de bharr an ard chaighdeán peile agus cáinte a bhí ar mbun acu. ‘Anseo’, ‘mí-ádh’, ‘an-iarracht’, ‘maith thú’ a bhí le cloisteáil agus gach duine ag bhain taitneamh as an ócáid. Is dream réchúiseach, béasach iad an ghrúpa seo.

Cúpla Focal Acu Go Léir

Bhí Maurice Costello, Tom O’Connor, Enda Mulroney agus Seán Óg Ó Ciardubháin mar mhaor foirne ar an lá agus cúpla focal acu go léir, fiú amháin ag gearrán leis an réiteoir!

Tháinig foirne Sliabh Luachra agus Parnells chun cluiche camógaíochta agus comórtas poc fhada a imirt.

Bhí slua mór acu le Ann Walsh agus Suzanne Chute i bhfeighil ar na foirne. Club nua é Sliabh Luachra ach tá an-tacaíocht acu cheana féin!

Maith Sibh Muintir Cúil

Bhí ionadh ar gach duine, idir óg agus aosta, tar éis an lá gur thuig siad gach rud a bhí ar siúl agus taispeánann sé sin dúinn go bhfuil an Ghaeilge againn go léir agus níl ag teastáil ach leathscéal chun é a úsáid. Maith sibh muintir Cúil agus táim cinnte nach é seo an féile deireanach a mbeadh ar siúl san áit iontach seo.

Cúl agus an Ghaeilge Abú!

Tar éis an spórt bhí ceoil, caint agus craic san ionad pobal le Pop-up Gaeltacht agus bhí freastal maith ar an ócáid. An am is fearr sa bhlian é Seachtain na Gaeilge agus tá sos tuillte ach gach duine tar éis an lá ghníomhach!

Míle buíochas do gach duine a ghlac páirt chomh maith leis an Dánscoil Shliabh Luachra a d’eagraigh an ócáid. Cúl agus an Ghaeilge abú!