Ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i Meánscoil na Toirbhirte, Oileán Chiarraí

Roimh Covid-19 i mbliain 2020: Cork based Hit Factory front-man John Spillane weaving his musical magic during a pre Seachtain Na Gaeilge visit to Presentation Secondary School, Castleisland . ©Photograph: John Reidy 26-2-2020 

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar siúl ón gcéad lá de Mhárta go dtí Lá ‘le Pádraig.

Is í an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan agus cuirtear an Ghaeilge chun cinn ar fud na cruinne lena linn gach bliain. Tugann an tseachtain seo deis dúinn go léir ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a cheiliúradh.

Ag Ceiliúradh Seachtain na Gaeilge

Gach bliain bímid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge anseo i Meánscoil na Toirbhirte agus ní haon eisceacht í an bhliain seo. Glacann na daltaí go léir páirt ghníomhach sna ranganna Gaeilge ó cheann ceann na bliana ach tapaíonn siad an deis a gcuid Gaeilge a thaispeáint agus sult ar leith a bhaint aisti ag an am seo den bhliain.

Cé go raibh Seachtain na Gaeilge ag tarlú go fíorúil i mbliana, bhí clár imeachtaí leathan eagraithe sa scoil.

Is Fearr Gaeilge Bhriste ná Béarla Cliste

Ina measc bhí comórtas póstaer, Tráth na gCeist agus comórtas grianghrafadóireachta.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach dalta a ghlac páirt sna comórtais éagsúla agus is cúis áthais dúinn cuid de na hiontrálacha a roinnt libh ag bun an ailt.

Is é téama fhéile na bliana seo ‘Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste’. Is é an aidhm atá againn ná daltaí ar gach leibhéal a spreagadh chun an teanga dhúchais a úsáid agus a chleachtadh.

Tá Dualgas Orainn go Léir

D’éirigh thar barr linn i mbliana arís a bhuí leis na himeachtaí éagsúla a cuireadh ar fáil agus le fuinneamh agus spiorad ár ndaltaí.

Tá dualgas orainn go léir an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú. Mar sin, ar aghaidh linn le chéile ag baint úsáid as an nGaeilge agus ag baint idir thairbhe agus thaitneamh aisti. Ná ligimis an seanfhocal i ndearmad – ‘Tír gan teanga, tír an anam’.

You can contact The Maine Valley Post on…Anyone in The Maine Valley Post catchment area who would like to send us news and captioned photographs for inclusion can send them to: jreidy@mainevalleypost.com Queries about advertising and any other matters regarding The Maine Valley Post can also be sent to that address or just ring: 087 23 59 467.